Advertisement

Ska agus ceol domhanda ag an chabaret dé sathairn seo

Doimnic Mac Giolla Bhrighde.

Doimnic Mac Giolla Bhrighde.

BEIDH meascán de stíleanna ceoil an Domhain le cluinstin ag an Chabaret Craiceáilte i nGaoth Dobhair Dé Sathairn seo.

Beidh Bianco Sporco, grúpa ceoil as an Iodáil a mheascann ceol traidisiúnta na Spáinne, Ceol Giofógach, Ceol Rhumba na Spáinne, Bluegrass, chomh maith le damhsa Éireannach/Iodálach/Spáinneach ag teacht chuig an Chabaret Tigh Hiúdaí den chéad uair.

Advertisement

Agus beidh sean chairde leis an Chabaret, Boss Sound Manifesto, ar an ardán Dé Sathairn seo fosta. Casann Boss Sound Manifesto ceol SKA atá go mór faoi thionchar fuaimeanna ‘boss’ an luath reggae, sean Ska Iamáice, agus an t-athbheochan Ska sa Bhreatain ar an lipéad 2 tone.
Dúirt Cormac Buzz Ó Briain, príomh amhránaí, Boss Sound : “Is ónóir dúinn cuireadh a fháil pilleadh ar Cabaret Craiceáilte, ceann de na gigeanna is deise dúinn. Bíonn lucht Cabaret ar fheabhas linn ar gach cuairt”.

Beidh an t-amhránaí sean nóis, Doimnic Mac Giolla Bhrighde, agus duine de na laochra áitiúla atá ag canadh ag an Chabaret le blianta,  ar ais  ar ardán na réabhlóide, Tigh Hiúdaí, An Bun Beag, Dé Sathairn 31 Eanáir, 9.30pm.

Tá an Chabaret buíoch don fhoireann Tigh Hiúdaí, agus Teach Sheáin Óig, Siopa Mhicí, agus Siopa Mhatt, a thugann cuidiú mhór achan mhí.
Tá tuilleadh eolais faoin Chabaret agus na grúpaí a bhéas ag seinm ar fáil ar an chlár raidió, Rónán@3’ ar RnaG Máírt go hAoine 3-4pm.

BEIDH lucht leanúna an cheoil Ghaelaí lán sceitiminí nuair a chluinfeas siad liosta na gceoltóirí a bhéas ag ceol...

TOP reggae band Bréag from Belfast, Dublin singer/songwriter Enda Reilly, and blues band MANA share the billing at this...

BELFAST reggae/ska band Bréag will be live in studio on the show Rónán Beo @3 on RTÉ Raidió na...

Top
Advertisement

Donegal News is published by North West of Ireland Printing & Publishing Company Limited, trading as North-West News Group.
Registered in Northern Ireland, No. R0000576. St. Anne's Court, Letterkenny, County Donegal, Ireland