Advertisement

Dhá stáitse agus moll ceoltóirí/damhsóirí, amhránaithe ag Craicáilte

Some of the young musicians of An Crann Óg performing in Tigh Hiudaí­ Beag, Bunbeg at the popular Cabaret Craicéailte.

Some of the young musicians of An Crann Óg performing in Tigh Hiudaí­ Beag, Bunbeg at the popular Cabaret Craicéailte.

BEIDH lucht leanúna an cheoil Ghaelaí lán sceitiminí nuair a chluinfeas siad liosta na gceoltóirí a bhéas ag ceol & ag seinm ag Cabaret Craiceailte na míosa seo Tigh Hiúdaí.

Chan amhain go bhfuil an sár ghrúpa ceoil, Na Casaidigh, a bhain cliú agus cail amach sna 70aidi/80idí, ag teacht ar ais le chéile arís, den dara uair do Chabaret Craiceáilte Ghaoth Dobhair, ach tá an grúpa traidisiúnta úr is fearr sa tír, Na Bonny Men ag teacht chuig an Chabaret den tríú uair, Dé Sathairn seo fosta.

Advertisement

Chan amháin sin, tá an sár ghrúpa úr as Gaoth Dobhair agus na Rosann, Na Fá Dú Dá’s ar ais sa bhaile ar an ardán Chraiceáilte fosta, Dé Sathairn seo, chomh maith leis an grúpa Flamenco, na Lunatic Spoons as Andalucia agus an Chatalóin a bhéas ag teacht go Gaoth Dobhair den chéad uair.

Agus muna bhfuil go leor ansin daoibh, a lucht leanúna an cheoil, tá cuairteoir speisialta ag teacht chugainn as Cuba, an Píobaire, Alexander Suárez Méndez as Havana, lena chomrádai, Gay McKeown, Ceannaire Na bPíobairí Uileann, agus an píobaire áitiúil, Conor Day.

Agus beidh na h-amhránaithe sean nóis is fearr ag Cabaret Craiceailte an tSathairn fosta, Éamonn Ó Donnchadha as Rath Cairn, Saileog Ní Cheannabháin as Baile Átha Cliath & Carna, agus Doimnic Mac Giolla Bhrighde, as Gaoth Dobhair ina measc.
Beidh damhsóirí Flamenco agus Sean Nóis ann ar an oíche fosta.

Beidh dhá stáitse ag an Chabaret De Sathairn seo 9 Lúnasa. Beidh na grúpaí ceoil uilig ar an ardán taobh istigh, agus beidh séisiún ceoil faoi stiúir Conor Day sa Phuball taobh amuigh.

Cha dtig linn a bheith 100 per cent cinnte go mbeidh aimsir ar doigh ann De Sathairn seo, ach thig linn a bheith 100 per cent nach mbeidh ceol & síamsaíocht chomh maith ar fáil in ait ar bith eile sa tír, De Sathairn seo, 9 Lúnasa, 9pm ( ag toiseacht níos luaithe mar gheall ar an oiread ceoltóirí atá ann), Tigh Hiúdaí, An Bun Beag, Gaoth Dobhair. Bígí Craiceáilte linn!.

Tá an Chabaret iontach buíoch dona gnólachtaí áitiúla a thugann cuidiú dúinn: Busanna Feda, Busanna Mc Ginley, Busanna Gallaghers, Siopa Mhicí, Siopa Mhatt, Teach Sheáin Óig, Teach Hiúdaí Beag, Teach Chambell, agus an chomhlacht Rosg.

Táimid iontach bródúil a bheith páirteach san fhéile Loinneog Lúnasa i mbliana, agus táimid buíoch do Cháthal & an choiste a thug cuireadh dúinn a bheith mar chuid do chlár na féile i mbliana.

Advertisement

Tógra iomlán deonach atá sa Chabaret le tionscal ceoil & síamsaíochta & saol sóisíalta na Gaeilge a spreagadh, a chothú & a laidriú agus ní bheadh sé indéanta gan an chuidiú praicticiúil a fhaigheann muid óna busanna, siopaí, bialainn, agus tithe lóistín. Is crúthúnas é go bhfuil lucht gnó sa cheantar seo sásta oibriú as lámh a chéile agus tácú le tógraí a mheallann cuid mhór daoine isteach ‘na háite.

Clár Ama Craiceáilte –Tigh Hiúdaí- De Sathairn 9 Lúnasa:
(Beidh Triallacha Fuaime ar siúl óna 6-9pm.Tuigeann muid tábhacht na gcluichí, agus go mbeidh scaifte thart leis an chluiche a fheiceáil ach bheadh muid buíoch as bhur gcomhoibriú le linn dona triallacha fuaime a bheith ag gabhail ar aghaidh óna 6 a chlog. Beidh na cluichí le feiceáil sa bhar fosta & ní bheidh trup óna triallacha fuaime le cluinstin ansin.)

9-9.15pm: Na Casaidigh Óga – Na Déagóirí – Seán, Sibéal,Briocán, Stiofán- Foinn & Amhráin
9.15: Sibéal Ní Chasaide
9.20-9.45: Na Fa Du Da’s – Cathal O Cuireain, Shane Mac Grianna, Megan Nic Giolla Chomhaill
9.45: Buena Vista Pipers Club: Alexander Suarez Mendez & companeros.
9.55: Saileog Ní Cheannabháin
10.00: Na Casaidigh
11.10: Eamonn O Donnchadha as Rath Cairn
Doimnic Mac Giolla Bhrighde as Gaoth Dobhair
11.20: Na Bonny Men – (Aoí speisialta: Damhsa Sean Nóis le Síle Bheag Toland as Mín Lárach)
12.35:Seán Óg Ó Casaide
12.40:Na Lunatic Spoons ( Ceol agus Damhsa Flamenco/Rhumba)

Stáitse 2 : Taobh Amuigh sa Phubal. Seisiuin Ceoil óna 11pm le Conor Day, Gay Mc Keown, agus cuid mhór aoí cheoltóirí.

Chifidh muid Tigh Hiúdaí sibh Dé Sathairn

Top
Advertisement

Donegal News is published by North West of Ireland Printing & Publishing Company Limited, trading as North-West News Group.
Registered in Northern Ireland, No. R0000576. St. Anne's Court, Letterkenny, County Donegal, Ireland