Advertisement

Two nights of Cabaret Craiceailte this weekend

Teach Huidai Beag

Teach Huidai Beag

BEIDH dhá oíche Chraiceáilte Tigh Hiudaí i nGaoth Dobhair , Dé hAoine, agus Dé Sathairn seo, mar chuid den Chabaret Craiceáilte, ag a mbeidh na ceoltóirí  Donal Mc Cague (Ceoltoir óg na bliana 2013 ag Gradaim Ceoil Tg4) agus a dheartháir Micheal Mc Cague as an Bhoth, Contae Mhuineachán, Cíarán Ó Maonaigh (fear a bhfuil an ghradam céanna buaite aige) agus Caitlín Nic Gabhann, an ghrúpa Mo Hata Mo Gheansaí agus go leor eile ag seinm.

Beidh réamh choisir Craiceáilte ann Dé hAoine 28ú Márta  agus an Chabaret féin ann De Sathairn 29ú Márta. Beidh an rac ghrúpa as Conamara, The Temporary ar an ardán fosta, chomh maith leis an phap amhránaí áitiúil Emma Ní Fhíoruisce agus cuid mhór ceoltóirí agus damhsóirí eile.

Advertisement

I measc na gceoltóirí áitiúla a bhéas ar an ardán, beidh Bríd Ni hIcí, Micheál Danny Minnie, agus Liam Mac Giolla Bhrighde, agus beidh Céilí Craiceáilte ar siúl Dé hAoine fosta.

Fógraíodh an tseachtan seo fosta go mbeidh an sár ghrúpa reggae Bréag ag teacht chuig Cabaret mhí Aibreáin ar an 26 Aibreán i gcuideachta girseachaí Ukelele Bhéal Feirste mar chuid do chamchuairt speisíalta ag ceiliúradh 20 bliain den ghrúpa Bréag.
Beidh clár raidió speisialta le Bréag a chraoladh ar RnaG, an lá roimhe sin, De hAoine 25 Aibreán 3-4pm.

Maidir leis an Chabaret agus an rave choisir ag deireadh na míosa seo, beidh an Chéili Craiceáilte agus cuid mhór aoí cheoltóirí ar an ardán ag an réamh choisir Dé hAoine 27 Márta, óna 10 a chlog ar aghaidh.

Beidh Mó Hata Mó Gheansai as Baile Átha Cliath, Dónal agus Mícheál Mc Cague as Muineachán, Cíarán Ó Maonaigh agus Cáitlin Nic Gabhann as Cois Cláidí, The Temporary as Conamara, Emma Ní Fhíoruisce as Srath na Corcra agus go leor eile ar an ardán Dé Sathairn óna 10 a chlog ar aghaidh. Fogrófar tuilleadh ainmneacha do cheoltóirí agus grúpaí ar an chlár ‘Rónán@3’ ar Ráidió na Gaeltachta i rith na seachtaine.

Top
Advertisement

Donegal News is published by North West of Ireland Printing & Publishing Company Limited, trading as North-West News Group.
Registered in Northern Ireland, No. R0000576. St. Anne's Court, Letterkenny, County Donegal, Ireland