Bhí ócáid cheiliúrtha ag Grúpa Uladh de Chuideachta Gael Linn in Óstán na Cúirte, Gaoth Dobhair oíche Aoine seo caite.
Is grúpa tacaíochta iad seo a chuidíonn le hobair Gael Linn i gCúige Uladh.
Tá an ghrúpa ag ceiliúradh 25 bliain ar an fhód i mbliana agus tagann siad le chéile dhá uair sa bhliain le huasdátú a fháil ar obair na heagraíochta.
I measc iad siúd a bhí i láthair bhí baill reatha an ghrúpa, iar bhaill de chuid an ghrúpa, Príomhfheidhmeannach Gael Linn, Réamonn Ó Ciaráin, Cathaoirleach Gael Linn, Wayne Mac Feilimí chomh maith le cuid d’fhoireann oifig Uladh Gael Linn.
Le linn na hóiche thug Antoin Delap, Gaoth Dobhair agus Baile Átha Cliath Cathaoirleach an ghrúpa caint shuimiúil ar an stair a bhaineann leis an ghrúpa.
Rinne Réamonn Ó Ciaráin, Príomhfheidhmeannach Gael Linn bronnadh ar triúr de na baill AntoinDelap, Gaoth Dobhair Baile Átha Cliath, Máirín Uí Fhearraigh. Gaoth Dobhair agus Caoimhín Ó Peatáin atá ar an choiste ó buníodh é fiche cúig bliain ó shin.

Máirín Uí Fhearraigh (Grúpa Uladh), Wayne Mac Feilimí (Cathaoirleach Gael Linn), Antoin Delap (Grúpa Uladh), Caoimhín Ó Peatáin (Grúpa Uladh) agus Reamonn Ó Ciaráin (Príomhfheidhmeannach Gael Linn).

Reamonn Ó Ciaráin (Príomhfheidhmeannach Gael Linn) ag déanamh bronnadh ar Mháirín Uí Fherarraigh atá ar an Grúpa Uladh de Gael Linn le 25 bliain.

Reamonn Ó Ciaráin (Príomhfheidhmeannach Gael Linn) agus Póilín Uí Cheannúbháin, Machaire Rabhartaigh (Feidhmeannach Oideachais Cuige Uladh).

Reamonn Ó Ciaráin (Príomhfheidhmeannach Gael Linn) ag déanamh bronnadh ar Antoin Delap atá ar Grúpa Uladh ó thús.








