Advertisement

Smaointe úra á lorg do Sheachtain na Gaeilge 2013 i nGaoth Dobhair

BEIDH cruinniú poiblí ar siúl in Ionad Naomh Pádraig, 7ú Samhain, 2012 ag 4.00in chun an fhéile bhliantúil, Seachtain na Gaeilge, a chur chun cinn sa cheantar in 2013.

Beidh an fhéile idirnáisiúnta, Seachtain na Gaeilge, ar siúl ar 4 – 17 Márta 2013 agus táthar ag lorg smaointe úra ón phobal maidir le himeachtaí agus tionscadail gur féidir a reáchtáil go háitiúil le linn na féile.

Tabharfaidh an cruinniú deis labhartha don ghnáthphobal I nGaoth Dobhair, chun a chuid tuairimí a nochtadh faoin bhféile sa cheantar le blianta beaga anuas, a láidreachtaí, laigí agus conas feabhas a chur ar an réimse imeachtaí a chuirtear ar fáil do phobal an cheantair.

Advertisement

Beidh ionadaí ó fhoireann náisiúnta Sheachtain na Gaeilge i láthair chun cur síos a dhéanamh ar an bhféile náisiúnta agus ar an tacaíocht a chuirtear ar fáil do ghrúpaí áitiúla a eagraíonn imeachtaí don fhéile.

Dar le Máire Uí Chomhaill, Bainisteoir, Ionad Naomh Pádraig, Dobhar; “Tá imeachtaí éagsúil a n-eagrú sa cheantar do Sheachtain na Gaeilge le blianta beaga anuas ach sileann muid gur mhaith linn beocht breise a chur leis an fhéile i mbliana.

“Ba dheas linn rannpháirtíocht an phobail a mhéadú in eagrú na n-imeachtaí agus níos mó comhordaithe a dhéanamh idir grúpaí áitiúla éagsúla chun Seachtain na Gaeilge den scoth a chur ar fáil do mhuintir na háite uilig anseo inár bpobal.”

Dúirt Brenda Ní Ghairbhí, Bainisteoir Sheachtain na Gaeilge: “Tá an-áthas orm a bheith ag teacht chuig Ionad Naomh Pádraig, I gcroí lár pharóiste Ghaoth Dobhair don chruinniú pleanála seo. Ní hamháin go mbeidh an cruinniú ag cothú teagmhála idir muintir na háite agus eagraithe na n-imeachtaí, ach beidh tionchar ag an bpobal ar na himeachtaí a chuirfear ar siúl le linn Sheachtain na Gaeilge 2013 agus deis acu páirt a ghlacadh in eagrú na n-imeachtaí dar ndóigh!”

Cuireann níos mó ná 200 grúpa fud fad na tíre agus thar lear na céadta imeacht ar siúl do Sheachtain na Gaeilge gach bliain le deis agus muinín a thabhairt do dhaoine an Ghaeilge a labhairt i gcomhluadar cairdiúil agus spraíúil.

Cláraítear na himeachtaí seo ar www.snag.ie, áit ar féidir cuardach a dhéanamh ar imeachtaí áitiúla agus ar thionscadail agus comórtais óige na féile fosta.

Beidh bliain an-tábhachtach ag Seachtain na Gaeilge in 2013, toisc go mbeidh an fhéile mar chuid den tionscadal turasóireachta Tóstal Éireann, a bheidh ag mealladh na céadta míle turasóir go hÉirinn i rith na bliana; agus mar chuid de Bhliain na Gaeilge, comóradh 120 bliain d’athbheochan agus de ghluaiseacht na Gaeilge ó bunaíodh Conradh na Gaeilge in 1893.

Advertisement

Le haghaidh tuilleadh eolais, ní gá ach teagmháil a dhéanamh le Máire Uí Chomhaill, Bainisteoir, Ionad Naomh Pádraig, Dobhar ag 074-9532949 nó 0868259752 nó ionadnp@eircom.net

Receive quality journalism wherever you are, on any device. Keep up to date from the comfort of your own home with a digital subscription.
Any time | Any place | Anywhere

SUBSCRIBE TO CURRENT EDITION TODAY
and get access to our archive editions dating back to 2007
(CLICK ON THE TITLE BELOW TO SUBSCRIBE)
Every Thursday
Every Monday
Top
Advertisement

Donegal News is published by North West of Ireland Printing & Publishing Company Limited, trading as North-West News Group.
Registered in Northern Ireland, No. R0000576. St. Anne's Court, Letterkenny, County Donegal, Ireland