Advertisement

Seoladh Oifigiúil Plean Teanga Thoraí

I ndiaidh corradh agus bliain oibre ar chur i bhfeidhm an phlean, beidh Plean Teanga Thoraí á sheoladh go hoifigiúil agus á cheiliúradh ar 24 Samhain, ar 1i.n. sa Chlub Sóisialta, Toraigh.

Cathaoirleach Údarás na Gaeltachta, Anna Ní Ghallachair a dhéanfas Plean Teanga Thoraí a sheoladh go hoifigiúil i láthair an phobail.

Ócáid mhór i stair an oileáin a bheas sa tseoladh agus sa cheiliúradh. Tá Toraigh ar cheantar Gaeltachta chomh láidir agus atá sa tír. Tá labhairt na Gaeilge ag 90% de mhuintir na háite agus tá cáil ar an oileán as beocht agus neart an chultúir Ghaelaigh atá le fáil ann.

Advertisement

Mar sin féin, is fada muintir Thoraí ag streachailt agus ag feachtasaíocht ar son todhchaí an oileáin agus san am a chuaigh thart bhí an chontúirt ann go mbánófaí an t-oileán ar fad. Ar ámharaí an tsaoil, tá pobal Thoraí beo bríomhar sa lá atá inniu ann agus tá rún daingean ag muintir Thoraí agus ag an Choiste Pleanála Teanga déanamh cinnte de go mbeidh todhchaí gheal roimh phobal an oileáin agus roimh an Ghaeilge mar theanga laethúil an phobail sin.

Tá lúcháir ar an choiste uilig gur féidir an plean a sheoladh go hoifigiúil anois. Chomh maith leis an tseoladh sa Chlub Sóisialta, beidh teacht le chéile in Óstán Thoraí an oíche sin. Ar 7i.n. beidh an tOllamh Lillis Ó Laoire ag seoladh an leabhair úir “Dhá Leagan Déag” a bhfuil sé féin mar chomh-eagarthóir air. Sna sála aige sin, ar 8i.n., beidh oíche áirneáil san óstán le ceol, amhránaíocht, comhrá agus cuideachta le muintir an oileáin agus cuairteoirí araon.

Déan teagmháil leis an Oifigeach Pleanála Teanga ar optthorai@gmail.com nó 086 0858245 más mian leat a bheith i láthair ag seoladh agus ceiliúradh an phlean teanga ar 24 Samhain.

Receive quality journalism wherever you are, on any device. Keep up to date from the comfort of your own home with a digital subscription.
Any time | Any place | Anywhere

SUBSCRIBE TO CURRENT EDITION TODAY
and get access to our archive editions dating back to 2007
(CLICK ON THE TITLE BELOW TO SUBSCRIBE)
Every Thursday
Every Monday
Top
Advertisement

Donegal News is published by North West of Ireland Printing & Publishing Company Limited, trading as North-West News Group.
Registered in Northern Ireland, No. R0000576. St. Anne's Court, Letterkenny, County Donegal, Ireland