THIS year’s Seachtain na Gaeilge was launched in Gaelscoil na gCeithre Máistrí, Donegal Town, this afternoon.
The festival, which promotes the use of the Irish language in Ireland and abroad, is the greatest celebration of our language and culture.
It offers people the opportunity to enjoy Irish language events that cater for all language abilities – from native speakers and learners to those ‘le cúpla focal’.
Cathaoirleach of Coiste na Gaeilge, Donegal County Council, Cllr Micheál Choilm Mac Giolla Easbuig, officially launched Seachtain na Gaeilge in Donegal.
“Ba mhór an onóir domh mar Chathaoirleach ar Choiste na Gaeilge, Comhairle Contae Dhún na nGall, Seachtain na Gaeilge i nDún na nGall 2026 a sheoladh go hoifigiúil i nGaelscoil na gCeithre Máistrí i mBaile Dhún na nGall.
“Buíochas mór d’achan duine a d’eagraigh an ócáid, a chuir an clár imeachtaí le chéile agus le pobal agus daltaí na scoile a chuir sólaistí agus siamsaíocht ar fáil,” said Cllr Mac Giolla Easbuig
“Bhí sé galánta go raibh ócáid an lae inniu san fhoirgneamh úr scoile a throid pobal na Gaelscoile fána choinne le tamall fada le go mbeadh baile buan acu féin agus ag cur chun cinn na teanga.
“Tá ról lárnach ag an aos óg lena chinntiú go ndéanfaí an teanga a chur ar aghaidh go dtí’n chéad ghlúin eile ach caithfear a chinntiú go bhfuil tithíocht á cur ar fáil, go bhfuil pá réasúnta ag daoine le bheith ábalta tithe a cheannacht nó a fháil ar cíos agus go bhfuil caighdeán sásúil maireachtála ann.
“Tá an caipitleachas agus polasaithe an rialtais ag marú na Gaeilge agus na Gaeltachta. Má tá an rialtas dáiríre faoin cheist seo agus má tá athrú le theacht, ní na polaiteoirí a dhéanfas é ach an pobal.
“Ar scáth a chéile a mhaireann na daoine,” he concluded.









