Advertisement
Family Notices Header

ÓCIANÁIN, Nodlaig

ÓCIANÁIN, Nodlaig – Cailleadh Nodlaig Ó Cianáin, Cró Neimhidh, Dún Lúiche, Leitir Ceanainn, Co. Dhún na nGall agus roimhe sin Bóthar Ráth Oscair, An Nás, Co. Chill Dara go tobann ach go síochánta 23 Eanáir 2018. Céile ionmhain Shíle agus athair Neasa, Chaoimhe, Aifric, Aoife, Chlíodhna agus Chormaic agus deartháir le Maureen (Cosgrove), nach maireann. Méala mór a bhás dá bhean chéile, dá iníonacha is dá mhac, dá dheirfiúracha, Nora (Collins) agus Clare (Cleary), dá dheartháir, Ollie Keenan, dá chliamhaineacha, do bhean a mhic, dá dheartháireacha cleamhnais, dá dheirfiúracha cleamhnais, dá gharpháistí, Síobhra, Ruaidhrí, Éile, Tadhg, Aisling, Aoife agus Aidan, dá neachtanna is dá nianna, dá ghaolta is dá chairde uile.

Ar Dheis Dé go raibh a Anam Dílis.

Aifreann éagnairce Déardaoin seo in Eaglais Mhuire is N. Dháithí, An Nás ar 6.30 pm. Faire sa teach i nDún Lúiche Dé hAoine idir 6pm agus 9 pm. Cuirfear é i ndiaidh aifreann sochraide i Séipéal an Chroí Naofa, Dún Lúiche ar 1 pm Dé Sathairn, 27 Eanáir 2018. Teach príobháideach Dé Sathairn.

Top
Advertisement

Donegal News is published by North West of Ireland Printing & Publishing Company Limited, trading as North-West News Group.
Registered in Northern Ireland, No. R0000576. St. Anne's Court, Letterkenny, County Donegal, Ireland