Comhghairdeachas le Kathleen Rodgers a bhfuil a h-ainm greanta go láidir ar Sciath Ghalfaire na Bliana i gCumann Ghaoth Dobhair. Bronnadh Gradam 2025 uirthi ag ócáid sa chlubtheach ag deireadh na seachtaine. Is a h-ainm is minice atá ar an Sciath rud a léiríonn a cumas agus a h-ábaltacht ar an chúrsa. Ag imirt do bhac de 11 níl trioblóid ar bith ag Kathleen duaiseanna a thabhairt na bhaile. Maith thú Kathleen agus tá muid cinnte go mbeidh bliain mhaith eile agat i 2026. Heartiest congratulations to Kathleen Rodgers who was presented with the Gaoth Dobhair Ladies Golfer of the Year Award for 2025 recently. Kathleen who plays off 11 is such an accomplished and consistant golfer it is no surprise that she took the award this year just as she did many times before. Well done and all the best on the course in 2026. Winners of the Christmas Hamper Competitions are: ProAmpac sponsored competition – 1 st Frances Sweeney (31) 39 points; 2 Mairéad Harkin (18) 35 points; 3rd Lady Captain Róisín Nic Pháidín (27) 34 points. SuperValu Dungloe Sponsored Competition: 1st Emily Bonar (32) 35 points BOT; 2 Kathleen Rodgers (11) 35 points; 3rd Frances Sweeney (32) 34 points.
Míle buíochas leis na gnóanna a rinne urraíocht ar dhuaiseanna na Nollag agus na duaiseanna i rith na bliana. Tá muid iontach buíoch daoibh uilig. Ba mhaith le Craobh na mBan sa Chumann Nollaig mhór mhaith a ghuí ar achan nduine agus go mbeirimid beo ar an am seo arís. Ádh mór.









