Advertisement

Irish for business class at No. 9 Market Square

Ní neart go cur le chéile agus ní thiocfadh linn mar Líonra Leitir Ceanainn ár gcuid oibre a chur chun tosaigh gan an tacaíocht iontach atá ar fáil ó lucht gnó an bhaile. Ó thosaigh muid ar an phlean teanga a chur i ngníomh cúig bliana ó shin tá méadú suntasach tagtha ar líon na Gaeilge atá le feiceáil thart faoin bhaile.

Everything works better with cooperation and we in Líonra Leitir Ceanainn couldn’t progress our work in promoting Irish without the great support of the business community in the town.

Since we began the implementation of the official language plan five years ago there has been a substantial increase in the amount of Irish visible around the town.

Advertisement

Dé Máirt 23 Meán Fómhair thug grúpa ó lucht gnó an bhaile fá chúrsa Gaeilge go moch ar maidin. Chuir Brian McMonagle a bhialann ar fáil dúinn mar ionad don rang le Séamas Ó Gallchóir atá ar scór le bliain anuas ó Údarás na Gaeltachta. Tá seachtar déag cláraithe don chúrsa agus iad ag teacht ó réimse leathan de ghnólachtaí agus seirbhísí thart fá Leitir Ceanainn.

Is é sprioc an chúrsa ná go mbeadh achan duine in inmhe agus muiníneach giota Gaeilge a labhairt mar nós laethúil le custaiméirí, cliaint, cairde agus le muintir s’acu féin.

On Tuesday, September 23, 15 people started an Irish course developed specifically for business. It was an early start and Brian McMonagle offered to host the course in his restaurant No9 Market Square. Séamas Ó Gallchóir who previously worked with Údarás na Gaeltachta is the tutor.

There are seventeen registered for the course and they come from a wide range of businesses and services around Letterkenny. The aim will be to equip every participant with the ability and confidence to speak some Irish on a daily basis with customers, clients, friends and family.

Beidh Líonra Leitir Ceanainn, i gcomhpháirtíocht le Cumann Tráchtála Leitir Ceanainn chun Bricfeasta Gnó a chur ar siúl Déardaoin 23 Deireadh Fómhair. Beidh Bríd Ní Chonghóile ó ‘Gaillimh le Gaeilge’ agus Joanna Ciezka a bhunaigh IrishSockSociety.com linn chun labhairt fá bhuntáistí na Gaeilge san earnáil ghnó. Is féidir teagmháil a dhéanamh le Líonra Leitir Ceanainn ar 086 0751663 nó leis an Chumann Tráchtála chun clárú fána choinne.

Líonra Leitir Ceanainn will be running a Business Breakfast in collaboration with Letterkenny Chamber of Commerce on Thursday, October 23. Bríd Ní Chonghóile from Gaillimh le Gaeilge will speak about how Irish has benefitted the economy of Galway City. Joanna Ciezka who founded the company IrishSockSociety.com will talk about Irish benefits her business.

Gabhann Líonra Leitir Ceanainn buíochas ar leith le Comhairle Contae Dhún na nGall agus leis na comhairleoirí uilig a thug tacaíocht fríd scéim an Chiste Forbartha. Mar gheall ar an chuidiú a fuair siad ón scéim seo chun costais reatha a íoc bhí siad in ann tionscadail mar seo leis an lucht gnó a chur i ngníomh. Tá an obair seo le lucht gnó an bhaile riachtanach don phlean teanga agus don mhéadú atá ag teacht ar líon na Gaeilge atá le feiceáil agus le cloisteáil thart fá Leitir Ceanainn.

Advertisement

Líonra Leitir Ceanainn want to say a special thanks to Donegal County Council and to the Councillors who supported them through the Development Fund Initiative. Because of the help received from this scheme to cover some running costs they are able to take on these projects with the business community. Such work, with business people around the town, is vital to the language plan and to the increasing visibility as a living language around Letterkenny.

Receive quality journalism wherever you are, on any device. Keep up to date from the comfort of your own home with a digital subscription.
Any time | Any place | Anywhere

SUBSCRIBE TO CURRENT EDITION TODAY
and get access to our archive editions dating back to 2007
(CLICK ON THE TITLE BELOW TO SUBSCRIBE)
Every Thursday
Every Monday
Top
Advertisement

Donegal News is published by North West of Ireland Printing & Publishing Company Limited, trading as North-West News Group.
Registered in Northern Ireland, No. R0000576. St. Anne's Court, Letterkenny, County Donegal, Ireland