Bhí Féile Scoildrámaíochta Ghaoth Dobhair ar siúl ins Amharclann Dé Mairt agus Dé Céadaoin.
Fuair siad seo leanas ainmniúcháin chuig Féile Uladh i Leitir Ceanainn: Scoil Phádraig, Dobhar, ‘Eachtraí Ghleanna an Iolair, Scoil Cholmcille, An Tearmnn, ‘Teach Finneagas’, Scoil Náisiúnta Taobhóige ‘Triail Chinn Óir’, Scoil Chnoc na Naomh ‘ Cinnín Óir agus na Ceithre Bhéar’, Scoil na Crannóige, ‘An Tathrú’ Scoil Rann na Feirste, ‘Éirinn Abú’, Scoil Éadan Fhionn Fraoich ‘’An Tóstán Ómósach’, Scoil Bhríde, Mín an Chladaigh ‘Ní mar a shíltear a bítear’, Scoil Adhamnáín, An Lúinnigh, ‘Tír na nÓg’ agus Pobal Scoil Ghaoth Dobhair ‘An rud is annamh is iontach’.
Bhain Scoil Adhamhnáin, An Luinnigh Scoth Léiriú na Féile
Aisteoir is Fearr: Cathal Ó Colla Scoil Adhamhnáin, An Luinnigh agus Colmán Mac Cumhaill, Pobal Scoil Ghaoth Dobhair.
An Ban Aisteoir is Fearr: Muireann Ní Dhucháin, Scoil Bhríde, Mín an Chladaigh.
An Dráma Úr is Fearr : Scoil Taobhóige
An Léiriú Bunscoile is Fearr: Scoil Bhríde, Mín an Chladaigh
An Leiriú Meánscoile is Fearr: Pobal Scoil Ghaoth Dobhair.

Foireann Dráma na Pobalscoile atá fríd go dtí Féile Scoildrámaíochta Uladh 2026. Bhain siad an dráma meánscoile is fearr ag an Fhéile Áitiúil leis an dráma nuascríofa “An rud is annamh is iontach”. Bhain Colmán Mac Cumhaill duais don Aisteoir is fearr.

Muireann Ní Dhucháin, Scoil Bhríde, Mín a’ Chladaigh ag fáil an gradam don Ban-aisteoir is Fearr ó Aodh Máirtín Ó Fearraigh, Bainisteoir Reigiún Raidió na Gaeltachata.

Bhí an gradam ‘Aisteoir is Fearr’ rannta idir Colmán Mac Cumhaill, Pobal Scoil Ghaoth Dobhair agus Cathal Ó Colla, Scoil Adhamhnáin, an Luinnigh. Aodh Máirtín Ó Fearraigh, Bainisteoir Réigiún Raidió na Gaeltachta ag déanamh an bronnadh.

Aodh Máirtín Ó Fearraigh, Bainisteoir Réigiún Raidió na Gaeltachta ag bronnadh Corn Thomáis Mhic Giolla Bhríghde ar Phobal Scoil Ghaoth Dobhair a léirigh an dráma ‘An rud is annamh is iontach’. Bhain siad an rannóg ‘An Meánscoil is Fearr’.

Aodh Máirtín Ó Fearraigh, Bainisteoir Réigiún Raidio na Gaeltachta ag bronnadh gradam don Dráma Úr is Fearr ar Gwendoline Furey ó Scoil Náisiúnta Taobhóige. Léirigh siad an dráma, ‘Triail Chinnín Óir’.

Aodh Máirtín Ó Fearraigh, Bainisteoir Réigiún Raidió na Gaeltachta ag bronnadh Corn Sheáin Uí Ghallchóir ar Fiona Nic Pháidín Scoil Bhríde, Mín a’ Chldaigh, a bhain an gradam do’n Bun Scoil is Fearr. Léirigh siad an dráma ‘Ni mar shíltear a bítear’.





