Cuireadh 26 dráma ó achan chearn de Chúige Uladh i láthair ag Féile Scoildrámaiochta Uladh in Amharclann an Ghrianáin aréir. Bhronn an moltóir Mícheál Ó Meallaigh ainmniuchán ar 12 acu chuig an Fhéile Náisiúnta ar an Mhuileann gCearr i mi Aibreáin.
Ba Scoil Adhamhnáin, An Luinnigh leis an dráma le Manus Ó Duibhir ‘Tír na nÓg a fuair an duais do Scoth Léiriu na Féile agus Scoil Taobhóige a fuair an duais don léiriú is fearr ar dhráma úr ‘Triail Chinnín Óir’. Fuair Cathal Ó Colla ó Scoil Adhamhnáin, An Luinnigh an duais don aisteoir is fearr agus Bláthnaid Ní Choinn, Scoil Phádraig, Crois Mhic Lionnáin, Ard Mhacha an duais don bhan aisteoir is fearr.
Ba an Moinsíneoir Caoimhín Mac Giolla Easpaig, a bhronn na duaiseanna ag deireadh na féile agus Amharclann an Ghrianáin lán go doras.
Fuair 12 dráma ainmniúchán chuig An Fhéile Náisiúnta:
- • Scoil Náisiúnta Taobhóige Triail Chinnín Óir*
- • Knocknagor P.S, Trí Leac Na Trí Bheár
- • Scoil Adhamhnáin, An Luinnigh Tír na nÓg
- • Gaelscoil na gCrann, An Ómaigh Oíche na Gaoithe Móire
- • Scoil na mBráithre, An Ómaigh Scartha*
- • Bunscoil Phobal Feirste, An Taispéantas Mór Gaelach
- • Aisteoirí Óga Charn Tóchair, Na Rapairí
- • Scoil Chnoc na Naomh, Cinnín Óir agus na Ceithre Bhéar
- • Bunscoil Naomh Proinsias, An Céide Searlaí agus an Mhonarcha Seacláide
- • Scoil Phádraig, Dobhar Eachtraí Ghleanna an Iolair*
- • Gaelscoil Ultáin, Muineachán Na Criáin Cráite
- • Scoil Bhríde, Mín an Chladaigh Ní mar a shíltear a bítear*

An Moinsíneoir Caoimhín Mac Giolla Easpaig, ag bronnadh na duaise do Rannóg na mBunscoltacha Beaga agus Corn Fhoras na Gaeilge ar Scoil Taobhóige don dráma ‘Triail Chinnín Óir’ agus a fuair ainmniúchán chuig An Fhéile Náisiúnta.

Foireann an drama ‘Tír na nÓg’ ó Scoil Adhamhnáin, An Luinnigh a bhain an príomhdhuais, Scoith Léiriu na Féile ag Féile Uladh 2926 lléiritheoir agus scríbhneoir an drama, Manus Ó Duibhir.

Foireann an drama ‘Triail Chinnin Óir ‘ ó Scoil na Taobhóige a bhain a rannóg, an duais don drama úr is fearr ag Féile Uladh 2026 sa Ghrianán agus a fuair ainmniúchán chuig An Fheile Náisiúnta.leis An Moinsíneoir Caoimhín Mac Giolla Easpaig a bhronn na duaiseanna.

Máire Ní Choilm ag ceol Amhrán na bhFiaann ag deireadh Féile Uladh 2026 sa Ghrianán. Tá Dónall Ó Cnáimhsi, Fear a Ti , agus An Moinsíneoir Caoimhín Mac Giolla Easpaig, sa chúlra.

Cathal Ó Colla, Scoil Adhamhnáin , An Luinnigh a fuair an duais don aisteoir is fearr ag Féile Uladh 2026 lena athair mór agus a mháthair mhór, James Collum agus Caitlín. Ghlac sé páirt Fheilimí in ‘Tír na nÓg’

Baill de fhoireann Scoil Adhamhnáin, An Luinnigh a fuair an duais do Scoth léiriú na Féile ag Féile Uladh 2026 le ‘Tír na nÓg’ leis An Moinsíneoir Caoimhín Mac Giolla Easpaig,: Donna Uí Fhearraigh, Priomhoide; Manus Ó Duibhir; Maureen Uí Ghallchóir; Ríonach Uí Scolaí agus Suzanne Uí Ghallchóir.

An Moinsíneoir Caoimhín Mac Giolla Easpaig, le Mícheal Ó Meallaigh, moltóir, Máire Ní Choilm, Oifigeach an Oireachtais agus Noel Ó Gallchóir, Rúnaí na Féile ag Bronnadh na nDuaiseanna ag Féile Uladh 2026 sa Ghrianán.

An Moinsíneoir Caoimhín Mac Giolla Easpaig, ag bronnadh an duais don aisteoir is fearr ar Chathal Ó Colla, Scoil Adhamhnáin , An Luinnigh a ghlac páirt Fheilimí i ‘Tír na nÓg’.

An Moinsíneoir Caoimhín Mac Giolla Easpaig, ag bronnadh na duaise do Rannóg na nBunscoileanna Measartha agus Corn Údarás Na Gaeltachta ar Mhanus Ó Duibhir, Scoil Adhamhnáin, An Luinnigh a scríobh agus a léirigh an dráma ‘Tír na nÓg.

An Moinsíneoir Caoimhín Mac Giolla Easpaig, ag bronnadh na duaise agus Corn Chriostail Dhoire Bheatha do Rannóg na Naíonán ar Louise Nic Giolla Chearra ó Scoil Chnoc na Naomh don dráma ‘Cinnín Óir agus na Ceithre Bhéar’ a fuair ainmniúchán chuig an Fhéile Náisiúnta.





