Éigse Sheagháin Bháin Mhic Mheanman
Bhí Éigse Sheagháin Bháin Mhic Meanman, an deichiú hÉigse fichead ar siúl i mBaile na Finne ag an deireadh seachtaine seo caite. Bhí Áras Sheagháin Bháin lán go doras oíche Aoine cé nach raibh an aimsear thar mholadh beirte. Rinne an tEaspag Alan Mac Eochagáin S.J. an Éigse a fhoscailt go hoifigiúil. Le linn a chuid cainte rinne an tEaspag tagairt de na tréithe a bhí i Seaghán Bán, mar a bhí, grá agus dílseacht dá theanga, dó chultúr agus dá chreideamh. Mhol sé an grá a bhí ag Seaghán Bán de dhaoine óga agus mar a d’éirigh leis an teanga a theagasc díofa fiú iad siúd a bhí ar bheagán Gaeilge d éirigh leo oróracha a bhaint amach sna scrúdaithe.
B’é an tOllamh Nollaig Mac Congáil a thug léacht na hÉigse dar teideal “Scríbhneoireacht tosaigh Sheagháin Bháin: Stair agus comhthéas” Thug sé sárléacht a bhí an –spéisiúil agus an – spreagúil. Thug Nollaig Mac Congáil léacht ag an chéad Éigse i Roth a’ Mhuilinn sa bhliain 1988. Dúirt sé gur iomaí athrú a tháinig ar an tsaol sa taobh seo tíre ó shin i leith. Rann Nollaig Mac Congáil eolas faoi stair na scríbhneoireachta Conallaí roimh agus le linn am Sheagháin Bháin leis an lucht éisteachta i gcomhthéacs a chuid scríbhneoireachta féin, – eolas úr a bhí baillithe aige i gcaitheamh na mblianta ón uair a thug sé léacht ag an chéad Éigse.
Dúirt Nollaig Mac Congáil go raibh cuid scríbhneoireachta Sheagháin Bháin ina spreagadh agus ina dhíol aithrise ag scríbhneoirí Conallacha eile agus thug sí léargas do na glúnta Gael ar sheansaol na Gaeltachta. Ba léar gur bhain an lucht éisteachta an – sult ar fad as an léacht a bhí curtha le chéile agus curtha i láthair go séimh agus go nádúrtha.
Bhí comótas Deis a’ Labhartha as siúl ar a tSatharn. Fuair gach páiste a ghlac páirt Teastas. Bhain na páiste seo a leanas dúiseanna.
Naíonáin Bheaga &Naíonáin Mhóra
1. Cara Ní Ghallchóir S.N. Mhín Tine Dé
2.Cathal Ó Braonáin “
3. Caolan Mac Fhloinn Leitir Bric
Rang 1 & 2
- Jacobey Mac Aoidh S.N. Mhín Tine Dé
- Dearbhla Ní Dheoráin “
- Lochlann Ó Breacáin “
Rang 3 & 4
- Réiltín Ní Dhochartaigh S.N. Mhín Tine Dé
- Oisín Ó Breisleáin “
- Micheál O Mórdha Céim Aniar
Rang 5 & 6
- Aaron Ó Cuinneagáin S.N. Mhín Tine Dé
- Ailíse Ní Bhreisleáin “
- Dualta Ó Breacáin “
Coirn na Gaeltachta Láir
Naíonáin Bheaga – Rang a 2
Conor Mac Fhloinn Leitir Bric
Rang 3 – Rang 6
Fionnuala Ní Bhaoill Baile na Finne
Teastas Sóisearach
- Seosamh Mac Suibhne Loch na nDeorann
- Bridget Ní Bhreisleáin Aos Óg Mul Musóg, Ionad Teanga agus Cultúir Mhín Tine Dé.
- Laoise Ní Bheisleáin “ “
Ard teistiméireacht
- Conor Ó Gallachóir Pobal Scoil Chloich Cheann Fhaola
- Lisa Ní Mhórdha Gairm Scoil Chú Uladh
Bhí oíche mhór cheoil i dTeach a’ Cheoil oíche Shatharn. B’é an t-úinéir Seosamh Ó Ceallabhuí a bhí mar fhear an tí. Bhí clár cuimsitheach curtha i láthair, idir cheol, cheol úirléise, aithriseoireacht agus scéalaíocht. Ghlac mórán do na haíonna a ghlac páirt ar an oíche páirt fosta in Oireachtas na bliana seo i gCill Áirne.
Chríochnaigh an Éigse le Aifreann as Teach Pobail Cholmcille leis an Athair Donnchadh Ó Baoill ag an 10.00 a chlog. Bhí an tAifreann craolta beo ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.
Tugann coiste na hÉigse buíochas ó chroí do achan uile dhuine a rinne freastail ar imeachtaí nó a ghlac páirt ar dhóigh amháin nó ar dhóigh eile le linn an deireadh seachtaine.
Buíochas dóibh seo a leanas a thug urraíocht don Éigse : Gael Saoire, Údarás na Gaeltachta, Bácús Uí Bhaoill Teo, agus Comhlacht Forbartha Áitiúil Dhún na nGall.
Receive quality journalism wherever you are, on any device. Keep up to date from the comfort of your own home with a digital subscription.
Any time | Any place | Anywhere
Posted: 11:14 am December 8, 2017