
D’fhógair an tAire Stáit sa Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, Donnchadh Mac Fhionnlaoich, inniu go bhfuil deontas €3,938 ceadaithe aige do Choiste Tacaíochta Naíonra Dhoirí Beaga chun cur ar a gcumas trealamh a cheannach.
Ag fógairt an deontais seo, dúirt an tAire Stáit Mac Fhionnlaoich go raibh an-áthas air an deontas a chur ar fáil.
“Is aitheantas é an deontas seo don obair atá ar bun ag Naíonra Dhoirí Beaga i dtaca le cur chun cinn na Gaeilge sa cheantar.”
Advertisement
Dúirt an tAire Stáit go raibh sé ag súil go mbeadh pleananna agus gníomhaíochtaí an naíonra seo i gcroílár an phlean teanga a bheidh le cur i bhfeidhm i gceantar Ghaoth Dobhair faoin Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge.
Posted: 10:11 am December 4, 2013





