
Rannpháirtithe a rinne freastail ar an cheardlann le Micheál Ó Conghaile.
Reachtáil Ciorcal Scríbhneoirí Ghaoth Dobhair Ceardlann do Scríbhneoirí Gaeilge i gcomhar le Cló Iar-Chonnacht in Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge ar Pháirc Ghnó Ghaoth Dobhair ar an tsatharn seo a chuaigh thart.
Ba iad Stiúrthóirí na Ceardlainne nó Micheál Ó Conghaile agus Eilís Ní Dhuibhne.
Advertisement
Bhí an ceardlann seo dírithe ar scríbhneoirí Gaeilge den uile chineál, scríbhneoirí a bhfuil leabhair foilsithe acu cheana agus scríbhneoirí óga/nua nach bhfuil aon leabhar foilsithe fós acu ach a léiríonn cumas scríbhneoireachta.
Ní raibh aon táille ar an cheardlann agus fuair an togra tacaíocht ó Ealíon na Gaeltachta.

Eilís Ní Dhuibhne agus Seán de Gallaí,
Posted: 2:42 pm October 30, 2013





