Advertisement

Book launch in Rann na Feirste for Maith thú a Mhicí

By Eoin Mac Gairbheith

The legacy of one of Rann na Feirste’s most renowned storytellers was celebrated at the end of the week with the launch of the book ‘Maith thú a Mhicí’, a collection of stories by Mhicí Sheáin Néill Ó Bhaoill.

Ba dhuine de na seanchaí ba mhó le rá i nGaeltacht Thír Chonaill é Micí Sheáin Néill (1901-1981), agus bhí cáil air ar fud na tíre mar gheall ar a chumas scéalaíochta agus ar a shaibhreas cainte. Tháinig scoláirí, bailitheoirí béaloidis agus lucht léinn ó chian is ó chóngar chun éisteacht leis agus lena stór mór scéalta a bhí tugtha anuas ó ghlúin go glúin. Bhí sé ina bhuaiteoir rialta ag Oireachtas na Gaeilge agus chuir sé go mór le caomhnú agus le cur chun cinn thraidisiún béil Rann na Feirste.

Advertisement

Tá ‘Maith thú a Mhicí’ ar cheann de na saothair is tábhachtaí a bhaineann lena chuid scéalta. Chuir an Athair Seosamh Mag Uidhir an leabhar in eagar den chéad uair i 1956 agus tá sé ina bhailiúchán luachmhar de chuid de na scéalta a d’inis Micí féin. Tá an saothar athfhoilsithe anois ag an chomhlacht Eabhlóid, rud a thabharfaidh deis do ghlúin nua léitheoirí agus foghlaimeoirí taitneamh a bhaint as an tsaibhreas teanga agus béaloidis a d’fhág sé ina dhiaidh.

B’í Caoimhe Ní Chonchoille, duine de mhuintir Sheáin Néill, a rinne an triú eagrán den leabhar a sheoladh in Áislann Rann na Feirste. I measc na cainteoirí eile bhí Noel Ó Gallchóir agus An Dr. Eibhlín Mhic Aoidh. Tá Seanchas Sheáin Néill faoi chomaoin mhór ag Eabhlóid as an obair mhór atá déanta acu leis an leabhar a chur i gcló arís agus an seoid luachmhar seo a chur ar fáil don chéad ghlún eile.

Bhí oíche mór áirneáil i ndiaidh an tseoladh, mar a bhí i gcónaí i dTeach Sheáin Néill, agus scoith an talún le cairde Sheanchas Sheáin Néill ar an stáitse agus Bríd Anna Ní Bhaoill, garneacht de Mhicí Sheáin Néill, mar bhean an tí.

Caoimhe Ní Chonchoille, who launched the book Maith thú a Mhicí in Rann na Feirste, pictured with Bríd Anna Ní Bhaoill and Eilín Ní Bhaoill of Seanchas Sheáin Néill. Photos: Eoin McGarvey

Top
Advertisement

Donegal News is published by North West of Ireland Printing & Publishing Company Limited, trading as North-West News Group.
Registered in Northern Ireland, No. R0000576. Unit 3B, Riverside Retail and Office Park, Neil T. Blaney Road, Letterkenny, Co. Donegal, Ireland.