Advertisement

Bilingual Branding and Marketing – your business means more with Irish

Tá Líonra Leitir Ceanainn thar a bheith sásta a fhógairt go mbeidh seimineár ar Bhrandáil agus Margaíocht Dhátheangach, arna urú ag Oifig Fiontair Áitiúil Dhún na nGall ar siúl Dé Céadaoin 4 Márta mar chuid de Sheachtain Fhiontraíochta Dhún na nGall. Is faisnéis shoiléir é seo ar bheocht na Gaeilge sa cheantar agus buntáistí inaitheanta na Gaeilge don lucht gnó go bhfuil seimineár mar seo mar pháirt de sheachtain mór le rá ar fhéilire lucht gnó an Chontae.

We are delighted to announce that as part of this year’s Donegal Enterprise Week we are offering a seminar on Bilingual Branding and Marketing, sponsored by Donegal Local Enterprise Office. I believe it is a strong statement on the vitality of the Irish language in the local area and the recognition of its value to the business community that we are now in a position to host such a seminar as part of this prestigious week in the Donegal business calendar.

Dúirt Bairbre Uí Chathail, Comhordaitheoir Pleanála Teanga, “Tá muid ag súil go mór le fáilte fhlaithiúil go No9 a chur roimh an lucht gnó Dé Céadaoin 4 Márta. Beidh lón blasta ar fáil arna ullmhú ag Brian McMonagle agus deis éisteacht agus dul i ngleic le Fionnbarra Ó Brolcháin, scríbhneoir agus léachtóir ar ardán idirnáisiúnta maidir le nuálaíocht cultúrbhunaithe agus a luach don earnáil ghnó. Beidh Mairéad Ní Mhaoilchiaráin linn fosta mar aoichainteoir. Bhunaigh Mairéad Gnó Mhaigh Eo, Gníomhaireacht Forbairt Gnó agus is léachtóir ar chúrsaí fiontraíochta í a bheidh ag tarraingt ar samplaí áitiúla chun fiosrú a dhéanamh ar bhrandáil agus margaíocht dhátheangach – cad a oibríonn, cad atá éifeachtach agus cén fáth. Is mó do ghnó leis an Ghaeilge! Tá muid fíorbhuíoch d’Oifig Fiontair Áitiúil Dhún na nGall as urraíocht a sholáthar don seimineár sin agus as tacú linn ranganna Gaeilge don lucht gnó a chur ar fáil go luath ar maidin i Leitir Ceanainn.”

Advertisement

Bairbre Uí Chathail, Coordinator of the Strategic Irish Language Plan for Letterkenny said, “We in Líonra Leitir Ceanainn look forward to welcoming you to No9 Market Square for this event on Wednesday 4 March, where, over a light lunch prepared by Chef Brian McMonagle, you will have the opportunity to engage with Finbarr Bradley who writes and lectures internationally on culture-led innovation and business value. Our second speaker will be Mairéad Ní Mhaoilchiaráin, founder of Gnó Mhaigh Eo business development agency and lecturer in Entrepreneurship who will use examples from Letterkenny and around the county to explore what works and why when it comes to bilingual branding and marketing. Business means more with Irish! We are very grateful to Donegal Local Development Office for sponsoring this event as well as helping us to provide an early morning Irish for Business course in Letterkenny.

Tá an spás teoranta agus mar gheall air sin tá clárúchán riachtanach. Is féidir teagmháil a dhéanamh le Bairbre ar eolas@lionralc.ie nó is féidir dul chuig an roinn nuachta ar an suíomh gréasáin Lionralc.ie agus déan clic ar an nasc san alt ansin.

Spaces are limited and so registration is essential. Bairbre can be contacted at eolas@lionralc.ie or go to the Líonra website news section Lionralc.ie and click on the registration link in the article there.

https:forms.gleai7DXxRZUmZU4KvN9

 

Top
Advertisement

Donegal News is published by North West of Ireland Printing & Publishing Company Limited, trading as North-West News Group.
Registered in Northern Ireland, No. R0000576. St. Anne's Court, Letterkenny, County Donegal, Ireland