Advertisement

Celebrate Spring with Líonra Leitir Ceanainn’s festival An Focal Beo

Tá na bláthanna ag bláthú agus na héin ag canadh agus Líonra Leitir Ceanainn réidh chun ceiliúradh a dhéanamh ar áilleacht an tséasúir fosta. Beidh féile An Focal Beo chun filleadh arís ó 15 – 23 de mhí na Bealtaine le tacaíocht ó Fhoras na Gaeilge.

The flowers are blooming and the birds are singing and Líonra Leitir Ceanainn is ready too to celebrate the beauty of the season. The ‘An Focal Beo’ festival will be returning from May 15 to 23, with help from Foras na Gaeilge.

Goitse amach chuig Oíche Cheoil i ngrúdlann Kinnegar Dé hAoine 15 Bealtaine 6:30 – 8 áit a mbeidh siamsa agus cuideachta, craic agus ceol againn le Diane Cannon agus Manus Lunny. Tabhair leat d’uirlis cheoil nó déan amhrán a ullmhú fána choinne agus cuirfear fáilte romhat chuig an seisiún. Nó suigh siar agus bain sult as an cheol agus as greim le hithe ó Thyme Out.

Advertisement

Come out and join us for a night of music in Kinnegar Brewery next Friday, May 15 6:30 t0 8pm where we will have a wonderful evening of music and song in the company of Diane Cannon and Manus Lunny. Bring along your instrument or polish up a song and you will be welcome to join the session. Or simply sit back, relax and enjoy the music and a bite to eat from Thyme Out.

Is ón tSiombáib ó dhúchas é Tura Aratura ach é ina chónaí in Éirinn le tríocha bliain anuas. Tá a chroí istigh sa Ghaeilge agus i gcultúr na hÉireann. Is speisialtóir ar damhsa ar an sean-nós agus ar damhsaí na hAfraice é mar aon le ceol an dá thír. Beidh muid ag cur fáilte mhór roimh Tura Aratura go Leitir Ceanainn agus ag súil go mór leis na ceardlanna agus seónna damhsa agus ceoil a éascóidh sé dúinn.

Beidh sé ag tabhairt cuairt ar chúpla de na scoilteacha áitiúla ar an Déardaoin agus ag caitheamh lá iomlán sa Ghaelscoil ar an Aoine. Beidh Lá Teaghlaigh againn ar an Satharn 23ú Bealtaine i nGaelscoil Adhamhnáin ó 12-3pm agus beidh Tura i láthair chun ceardlann a éascú do theaghlaigh an cheantair. Chomh maith le Tura beidh seisiún ceardaíochta Spraoi le Cré againn le Donna McCauley!  Beidh sólaistí ar fáil, beidh péinteáil aghaidhe ann agus tá lá speisialta geallta gan dabht.

Tura Aratura comes from Zimbabwe and has been living in Ireland for over 30 years. He is passionate about the Irish language and culture and blends Irish sean-nós and African dance as well as music. We look forward to welcoming him to Letterkenny and are so looking forward to the dance and music workshops he will facilitate for us.

He will visit two local primary schools on Thursday 21st and will spend the full day in the Gaelscoil on Friday 22nd May. On Saturday, May 23 we will have a Family Day in Gaelscoil Adhamhnáin from 12 to 3pm and Tura will be there to provide a dance workshop. We will also welcome Donna McCauley who will provide a Fun Session with Clay! There will be refreshments, face painting and a memorable day is in store for sure. 

Beidh Tóraíocht Taisce ar siúl le linn na féile agus beidh na sonraí uilig ar fáil ar Lionralc.ie agus ar bhileoga thart faoin bhaile. Beidh tú in ann an tóraíocht taisce cibé am a oireann duit féin agus na freagraí a sheoladh isteach chuig Líonra Leitir Ceanainn.

Tá na ceisteanna uilig bunaithe ar stair an bhaile agus na freagraí uilig furasta go leor le haimsiú – a fhad is go bhfuil tú san áit cheart agus tú ag amharc ar an rud ceart! Beidh duaiseanna ar fáil i gcrannchur ag deireadh na tréimhse.

Advertisement

There will be a Treasure Hunt running as part of the festival. All the details will be on the website Lionralc.ie and on flyers around the town. You will be able to do the Treasure Hunt whenever suits you and send in your answers to Líonra Leitir Ceanainn.

The questions are all based on the history of Letterkenny and the answers are all easy to find – as long as you are in the right place, looking at the right thing! There will be nice prizes up for grabs in a raffle at the end of the festival.

Déan teagmháil le Líonra Leitir Ceanainn má tú tuilleadh sonraí de dhíth ort – Bairbre ar 086 0751663 [email protected] nó Aisling ar 086 0136579 [email protected]

For further details contact Líonra Leitir Ceanainn – Aisling on 086 0136579 [email protected] or Bairbre on 086 0751663 [email protected]

 

Top
Advertisement

Donegal News is published by North West of Ireland Printing & Publishing Company Limited, trading as North-West News Group.
Registered in Northern Ireland, No. R0000576. Unit 3B, Riverside Retail and Office Park, Neil T. Blaney Road, Letterkenny, Co. Donegal, Ireland.